Mar
16
Céilí 2017
March 16, 2017 | Tagged arts, Gaeilge | Comments Off on Céilí 2017

Bhí ‘Riverdance’ againn inniu sa halla spóirt chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Bhain na daltaí an-sult as an spraoi agus as an rince. Thaispeáin na cailíní a scileanna damhsa go fonnmhar agus iad ag tabhairt faoi dhamhsaí ar nós ‘Ballaí Luimní’ agus ‘Ionsaí na hInse’. Bhí géar – iomaíocht le feiceáil nuair a thosaigh ‘Rince na Deilbhe’ agus comhghairdeas leis na buaiteoirí. Níl aon dabht ach go raibh na cailíní agus na múinteoirí éadrom ar a gcosa inniu!


Comments
You must be logged in to post a comment.


